7.12.12

Bíodh Eolas agat ar do Chearta : Ag coimeád te sa gheimhreadh Know Your Rights : Keeping warm in winter

Bíodh Eolas agat ar do Chearta : Ag coimeád te sa gheimhreadh

Nollaig 2012
Ceist
Deirtear go mbeidh geimhreadh fuar eile ann i mbliana. Is beag ioncam atá agam. Cén chabhair atá ann chun íoc as na costais a bhaineann le mo theach a théamh?

Freagra

Féadfaidh teaghlaigh ísealioncaim cabhair a fháil le costais bhreosla le haghaidh téamh tí. Ina theannta sin, is ann do scéimeanna chun cabhrú leat do theach a insliú agus chun áit níos teo a dhéanamh de agus chun do chostais téimh a laghdú.
Íoctar Liúntas Breosla €20 sa tseachtain le daoine a bhraitheann ar íocaíochtaí fadtéarmacha leasa shóisialaigh agus nach bhfuil in ann íoc as a riachtanais féin téimh. Oibríonn an scéim ar feadh 26 seachtain idir Deireadh Fómhair agus Aibreán. Má tá íocaíochtaí leasa shóisialaigh á bhfáil agat nó má tá tú os cionn 70 bliain d’aois, d’fhéadfá cáiliú le haghaidh an Phacáiste Sochair Teaghlaigh a áiríonn liúntas leictreachais nó gáis nádúrtha.
Tá sé mar chuspóir ag an scéim Fuinneamh Níos Fearr, Tithe Níos Teo feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar theas tithe atá faoi úinéireacht daoine ag a bhfuil ioncam ísle. Tá an scéim á hoibriú ag Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), agus tá fáil ar an scéim ar fud na tíre. Ní mór duit bheith mar úinéir tí agus ní mór gur tógadh do theach roimh 2002. Beidh tú incháilithe má tá Liúntas Breosla nó Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh á fháil agat, nó má tá leanaí faoi 7 mbliana d’aois agat agus má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat ar feadh 6 mhí nó níos faide. Má chónaigh tú i gcóiríocht ar cíos, d'fhéadfadh go mbeadh do thiarna talún in ann deontas a fháil faoin scéim ar leith Tithe le Fuinneamh Níos Fearr chun teach níos teo agus níos éifeachtúla i dtaobh fuinnimh de a dhéanamh de do theach.

Áirítear leis an obair a maoinítear faoin dá scéim seo insliú áiléir, teach a dhéanamh díonmhar ar shéideáin, seaicéid fálaithe, bolgáin solais ísealfuinnimh agus insliú balla chuasaigh. Ina theannta sin, is féidir leat comhairle faoi fhuinneamh a fháil.

Tugtar comhairle ar láithreán gréasáin wellandwarm.ie faoi conas coimeád te sa gheimhreadh agus tugtar sonraí ar sheirbhísí atá ar fáil do dhaoine a mbíonn deacrachtaí acu lena dtithe a choimeád te. Ina theannta sin, féadfaidh tú an leabhrán Keeping well and warm (Coimeád te agus folláin) a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig warmerhomes@seai.ie nó trí ghlao ar 1800 250 204. Sa mhullach air sin, tá comhairle mhaith le fáil ar Winterready.ie faoi dhul i ngleic le drochaimsir.

Tá tuilleadh eolais le fáil ón Ionad Faisnéise do Shaoránaigh thíos.

Chuir Ionad Faisnéise do Shaoránaigh An Clochain Liath ‘Bíodh Eolas agat ar do Chearta’ le chéile. Cuireann an tIonad seo seirbhís shaor in aisce agus faoi rún ar fáil don phobal. Teil: 0761075430 Seoladh: Ionad Seirbhisí Pobal an Clocháin Liath

Tá faisnéis le fáil freisin ar líne ag citizensinformation.ie agus ón tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh, 0761 07 4000.

Know Your Rights : Keeping warm in winter
December 2012
Question
I hear it’s going to be another cold winter. I am on a very low income. What help is available for the costs of heating my home?
Answer
Low-income households can get help with the costs of fuel for home heating. There are also schemes to help you insulate your home to make it warmer and to cut your heating costs.

A Fuel Allowance of €20 per week is paid to people who are dependent on long-term social welfare payments and who are unable to provide for their own heating needs. The scheme operates for 26 weeks from October to April. If you are getting certain social welfare payments or are over 70 you may qualify for the Household Benefits Package which includes an electricity or natural gas allowance.

The Better Energy Warmer Homes scheme aims to improve the energy efficiency and warmth of homes owned by people on low incomes. It is operated by the Sustainable Energy Authority of Ireland (SEAI), and is available nationwide. You must be a homeowner and your home must have been built before 2002. You are eligible if you are getting Fuel Allowance or Family Income Supplement, or if you have children under 7 and are getting Jobseeker’s Allowance for 6 months or more.

If you live in private rented accommodation your landlord may be able to get a grant under the separate Better Energy Homes scheme to make your home warmer and more energy efficient.

The work funded under both of these schemes includes attic insulation, draught-proofing, lagging jackets, low-energy light bulbs and cavity wall insulation. You can also get energy advice.

The wellandwarm.ie website gives advice on keeping warm in the winter and gives details of services available to people who may struggle to keep their houses warm. You can also get a Keeping well and warm booklet by emailing warmerhomes@seai.ie or calling 1800 250 204. Winterready.ie also gives advice on coping with bad weather.

Further information is available from the Citizens Information Centre below.
Know Your Rights has been compiled by Dungloe Citizens Information Service, which provides a free and confidential service to the public.
Tel: 0761075430 Address: Dungloe Public Services Centre, Dungloe
Information is also available online at citizensinformation.ie and from the Citizens Information Phone Service, 0761 07 4000