7.4.09

Laghdú i mbuiséad na Roinne 2009

Is é €443.7m an leithdháileadh glan athbhreithnithe a bheidh ann don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta don bhliain 2009, figiúr a léiríonn laghdú €47.4m ar an leithdháileadh measta tosaigh a fógraíodh i mí Dheireadh Fómhair 2008.


Baineann €11.8m den laghdú sin le caiteachas caipitil. Áirítear air sin, aistriú €2.5m chuig Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige a bheidh baint aige leis an gCiste Saoráidí agus Seirbhísí do Dhaoine Óga.

Léiríonn an t-iarmhéid oiriúnuithe i gcaiteachas caipitil a rinneadh mar chuid de phacáiste beart a d’fhógair an tAire Airgeadais ag deireadh mhí Eanáir 2009. Maidir leis an gcaiteachas reatha, tá laghdú €35.6m air, lena n-áirítear aistriú €17.4m chuig Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige don Chiste Saoráidí agus Seirbhísí do Dhaoine Óga agus aistriú €2m chuig an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta ó Chiste na Gaeilge i leith Chlár Forbartha Réigiúnach Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.

Is éard atá san iarmhéid, coigiltis a gnóthaíodh go príomha trí chostais riaracháin a laghdú don Roinn, gníomhaireachtaí Stáit laistigh dá raon agus eagraíochtaí pobail agus deonacha. Mar thoradh ar líon ard na n-iarratas ar láimh agus leibhéal na dtiomantas roimhe seo faoi Scéim Tithíochta na Gaeltachta, tá an scéim á cur ar fionraí ag an Roinn ón 7 Aibreán 2009 go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

Ar na céimeanna eile atá le glacadh chun coigiltis a chur i gcrích, áirítear an Scéim Tacaíochta Pobail do Dhaoine Breacaosta a chur ar fionraí (ón 7 Aibreán 2009 chomh maith) agus na Deontais Aonuaire do Ghrúpaí Pobail bunaithe go háitiúil a chur ar fionraí (ó dheireadh mhí Feabhra 2009).

Leanfar ar aghaidh ag próiseáil gach iarratas bailí atá ar láimh faoi na scéimeanna sin agus ceadófar iad ar an ngnáthbhealach faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil. Foilseofar na Meastacháin Athbhreithnithe don bhliain 2009 tar éis na Cásca.