4.11.08

04.11.08 Fógraíonn Ó Cuív leithdháilte faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe is mó riamh

Ag oifigí Choimisiúin na hEorpa i mBaile Átha Cliath inniu, Dé Máirt 4ú Mí na Samhna, d’fhógair an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, leithdháilte maoinithe LEADER faoi Aiseanna 3 agus 4 den gClár nua um Fhorbairt Tuaithe 2007-2013.
Faoin gClár, cuirfear maoiniú de €425.4 milliún ar fáil, 55% ón Aontas Eorpach agus 45% ón Státchiste. Tá sé seo beagnach trí oiread an méid a bhí ar fáil sa Chlár deireanach (2000-2006), agus an pacáiste is mó riamh d’fhorbairt tuaithe. Dáilfear an maoiniú tríd na Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta nua, d’fhonn tacú le forbairt leanúnach phobal tuaithe ar fud na hÉireann agus é a éascú. Tosóidh na tograí an mhí seo chugainn, Mí na Samhna 2008.
Leithdháilfidh gach ceann de na Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta seo maoiniú ar ghrúpaí pobail agus ar dhaoine aonaracha i gceantair tuaithe don réimse gníomhaíochtaí atá le maoiniú faoin gclár seo. Tá na gníomhaíochtaí seo ilchineálach agus ina measc, tá éagsúlú isteach i ngníomhaíochtaí neamh-talmhaíocha, tacaíocht do chruthú gnó, spreagadh ghníomhaíochtaí turasóireachta, seirbhísí bunúsacha don gheilleagar agus do phobal na tuaithe, athnuachan sráidbhailte agus forbairt, caomhnú agus uasghrádú oidhreacht tuaithe agus oiliúint agus eolas.
“Tá lúcháir orm na leithdháilte a fhógairt inniu mar tá a fhios agam go bhfuil sibh uile ag dúil go mór le bhur gcláir a chur i gcrích chomh luath agus is féidir. Ba mhaith liom an deis seo a thapú gach rath a ghuí ar an fhoireann agus ar Chathaoirligh nua na nGrúpaí Áitiúla Gníomhaíochta leis an obair atá romhaibh,” a dúirt an tAire Ó Cuív.
“D’ainneoin na ndúshlán eacnamaíoch a bhfuil an tír ag dul i ngleic leo, creidim go bhfuil deis mhór anois ann do cheantair tuaithe,” ar seisean. “Le huirbiú na sochaí ag méadú, tá suim athnuaite in áineas tuaithe, gníomhaíochtaí a bhaineann leis an bhfarraige agus táirgeadh dúchasach bia beag. Faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe seo, tá mé ag súil go gcuirfidh gach Grúpa Áitiúil Gníomhaíochta plean soiléir i bhfeidhm le béim ar leith ar a bhfuil thuasluaite. Le cúig bliana anuas, chonaiceamar níos mó na dúbailt i méid na gcuairteoirí a thagann go hÉirinn le haghaidh áineasa tuaithe. Creidim gur féidir linn é seo a dhúbailt arís roimh 2013. Leis an gClár um Fhorbairt Tuaithe nua seo, i gcomhpháirt le cláir thábhachtacha eile atá á reáchtáil ag mo Roinn, mar shampla an Clár CLÁR agus an Scéim Sóisialta Tuaithe, tá mé cinnte de go bhfeicfimid forbairtí suntasacha agus cruthú inbhuanaithe post faoin tuath in Éirinn idir seo agus 2013.”