30.9.13

Know Your Rights B: Non-Principal Private Residence Charge arrears

Sept/Oct 2013

Question

My cousin who lives in England never paid the Non-Principal Private Residence (NPPR) charge on a property he inherited in Ireland because he was not aware of the charge. What should he do to ensure that his affairs are in order?

Answer

The Non-Principal Private Residence (NPPR) charge was introduced on 2009 for residential property that is not the owner’s only or main residence. This charge is payable to the local authority. The NPPR continues to apply for the year 2013.The NPPR will no longer be charged after 2013, but outstanding liabilities and payments will still be collected and these can be substantial.
The NPPR charge is €200 for each relevant property you own on 31 March each year and it should have been paid by 30 June each year. A late fee of €20 was charged for each month, or part of a month, after 30 June of each relevant year. These fees and penalties increase each month and if you have never paid the NPPR, the total due since 2009, together with late fees and penalties, would now be well over €3,000. A table of charges available online at nppr.ie shows how much is due. For example, if you were liable for the NPPR since 2009 and have never paid it, you will owe €3,720 in October 2013.
Your cousin should arrange to pay the outstanding charges for 2009, 2010, 2011, 2012 and 2013 plus the late fees that have accrued. He should register the property and pay the charge online at nppr.ie or else use a paper form.
He should also ensure that any other taxes and charges have been paid – such as the Household Charge (payable on the property for the year 2012 in addition to the NPPR), the new  Local Property Tax (LPT) and the septic tank registration charge (if relevant).

Further information is available from the Citizens Information Centre below.

Know Your Rights has been compiled by Dungloe Citizens Information Service which provides a free and confidential service to the public. Tel: 0761075430 Address: Dungloe Public Services Centre
Information is also available online at citizensinformation.ie and from the Citizens Information Phone Service, 0761 07 4000.


Bíodh Eolas Agat ar do Chearta B: Riaráistí an Mhuirir ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha

Mean Fómhair/ Deireadh Fómhair 2013

Ceist

Níor íoc mo chol cheathrar, a chónaíonn i Sasana, an Muirear ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha (NPPR) ar mhaoin a fuair sé le hoidhreacht in Éirinn mar gheall nár cuireadh ar an eolas é faoin muirear. Céard ba cheart dó a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil a chuid gnóthaí in ord?

Freagra

Rinneadh an Muirear ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha (NPPR) a thabhairt isteach i 2009 i dtaca le maoin chónaithe nach í an t-aon mhaoin atá ag an úinéir agus nach í príomháit chónaithe an úinéara. Tá an muirear seo le híoc leis an údarás áitiúil. Leanann an NPPR bheith i bhfeidhm don bhliain 2013. Ní ghearrfar an NPPR a thuilleadh do na blianta i ndiaidh 2013, ach baileofar dliteanais agus íocaíochtaí nár íocadh go fóill, agus tarlaíonn sé go mbíonn iad seo mór a dhóthain.
Is ionann muirear an NPPR agus €200 do gach maoin ábhartha atá agat an 31 Márta gach bliain agus ba cheart go n-íoctar é faoin 30 Meitheamh gach bliain. Gearradh táille dhéanach €20 le haghaidh gach míosa, nó cuid de mhí, tar éis an 30 Meitheamh den bhliain ábhartha. Méadaítear na táillí agus na pionóis seo gach mí agus murar íoc tú an NPPR riamh, b’ionann an méid iomlán a bheadh le híoc ó 2009 i leith, mar aon le táillí agus pionóis dhéanacha, agus cuid mhaith os cionn €3,000. Tá fáil ar tháblaí táillí ar líne ag nppr.ie a léiríonn cé mhéid atá le híoc. Mar shampla, má bhí ort an NPPR a íoc ó 2009 i leith agus murar íoc tú é riamh, beidh €3,720 le híoc agat i nDeireadh Fómhair 2013.
Ba cheart do do chol ceathrar a shocrú chun na muirir gan íoc le haghaidh 2009, 2010, 2011, 2012 agus 2013 a íoc, mar aon leis na táillí déanacha atá fabhraithe.  Ba cheart dó an mhaoin a chlárú agus an muirear a íoc ar líne ag nppr.ie nó leas a bhaint as foirm pháipéir.
Anuas air sin, ba cheart dó a chinntiú gur íocadh aon cháin nó mhuirir eile – ar nós an Mhuirir Theaghlaigh (atá le híoc don mhaoin don bhliain 2012 anuas ar an NPPR), na Cánach nua Maoine Áitiúla (LPT) agus an mhuirir chláraithe umair sheiptigh (más cuí).
Tá fáil ar thuilleadh faisnéise ón Ionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh thíos.

Chuir an tSeirbhís Faisnéise do Shaoránaigh An Clocháin Liath ‘Bíodh Eolas agat ar do Chearta’ le chéile. Cuireann an tSeirbhís seo seirbhís saor in aisce agus faoi rún ar fáil don phobal. Guthán: 0761075430 Seoladh: Ionad Seirbhisí Pobal an Clocháin Liath
Tá faisnéis le fáil, freisin, ar líne ag citizensinformation.ie agus ón tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh, 0761 07 4000.



2.9.13

Know Your Rights : Passport for a child


Know Your Rights : Passport for a child


 September 2013

Question


I am taking my 3-year-old on holidays abroad. Her surname is different from mine and I’m not in touch with her father, my ex-partner. Can I put her on my passport?

Answer

All Irish citizen children, regardless of age, must have an individual passport in their own name if they are travelling abroad. An application for a passport for a child living in Ireland is made on form APS 1 (pdf), and the child's full birth certificate, showing the parents’ names, must be submitted with it. The application form includes a section for parental consent, which must be signed.

Joint guardians of a child

If you and your child’s father are joint guardians of your child, both of you should sign the parental consent section of the application form. However, if you are not in touch with him, or if he does not consent, you can apply to the District Court for a court order, which will allow the Passport Office to issue the passport without his consent.

(Married parents are automatically joint guardians. If the parents are not married, the mother is automatically the sole guardian, but the father can arrange to become a joint guardian.)

Sole guardian of a child

If you are the sole guardian of your child, but the father's name is on the birth certificate and he agrees with you to sign, both of you can sign the parental consent section. If his name is not on the birth certificate, or if he doesn’t sign the parental consent section, you will have to provide an affidavit (AFF 1) stating that you are the sole guardian. (This also happens if the other parent/guardian is deceased, and you will also need a death certificate in this case.)

Extra documentation

The additional documentation that needs to accompany the passport application depends on several factors, including when and where the child was born.

Some countries require you to have further additional documentation for a child, as well as the passport – it’s worth checking this out before you travel.

Know Your Rights has been compiled by Dungloe Citizens Information Service which provides a free and confidential service to the public. Tel: 0761075431 Address: Dungloe Public Services Centre, Dungloe

Information is also available online at citizensinformation.ie and from the Citizens Information Phone Service, 0761 07 4000.

 

 

Bíodh Eolas Agat ar do Chearta : Pas linbh

Meán Fómhair 2013

Ceist

Beidh m’iníon 3 bliana d’aois ag teacht liom ar laethanta saoire thar lear. Tá sloinne éagsúil aici ó mo shloinne féin agus ní bhíonn aon teagmháil idir mé féin agus a hathair, m’iarpháirtnéir. An féidir liom í a chur ar mo phas féin?

Freagra

Ní mór go mbeidh ag gach leanbh atá ina shaoránach Éireannach a phas aonair ina ainm féin má tá sé ag taisteal thar lear, gan aird ar aois. Déantar iarratas ar phas do leanbh a chónaíonn in Éirinn ar fhoirm APS 1 (pdf), agus ní mór teastas iomlán breithe an linbh, a léiríonn ainmneacha na dtuismitheoirí, a sheoladh isteach in éineacht leis. Áirítear leis an bhfoirm iarratais mír le haghaidh toiliú tuismitheora, nach mór a shíniú.

Comhchaomhnóirí linbh

Más comhchaomhnóirí do linbh tú féin agus athair do linbh, ba cheart daoibh beirt an mhír ‘toiliú tuismitheora’ a shíniú ar an bhfoirm iarratais. Mura mbíonn teagmháil agat leis, áfach, nó mura dtoilíonn sé, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an gCúirt Dúiche chun ordú cúirte a fháil, a ligeann d’Oifig na bPasanna an pas a eisiúint gan a thoiliú.

(Déantar comhchaomhnóirí go huathoibríoch de thuismitheoirí pósta. Mura bhfuil na tuismitheoirí pósta, déantar an caomhnóir aonair den mháthair go huathoibríoch, ach féadfaidh an t-athair socruithe a dhéanamh go ndéanfar comhchaomhnóir de.)

Caomhnóir aonair linbh

Más tú caomhnóir aonair do linbh, ach má tá ainm an athar le sonrú ar an teastas breithe, agus má chomhaontaíonn sé leat chun í a shíniú, is féidir libh beirt an mhír ‘toiliú tuismitheora’ a shíniú. Mura bhfuil a ainm ar an teastas breithe, nó mura síníonn sé an mhír ‘toiliú tuismitheora, beidh ort mionnscríbhinn (AFF 1) a sholáthar ina luaitear gur tusa an caomhnóir aonair. (Tarlaíonn seo, chomh maith, má fuair an tuismitheoir/caomhnóir eile bás, agus teastaíonn teastas báis uait sa chás seo, chomh maith.)

Cáipéisíocht bhreise

Braitheann an cháipéisíocht bhreise nach mór gabháil leis an iarratas ar phas ar roinnt tosca, lena n-áirítear cathain agus cén áit ar rugadh an leanbh.

Ceanglaíonn roinnt tíortha ort níos mó cáipéisíocht bhreise a bheith agat do leanbh, mar aon le pas – is fiú é seo a dheimhniú sula ndéanann tú taisteal.

Chuir an tSeirbhís Faisnéise do Shaoránaigh An Clocháin Liath ‘Bíodh Eolas agat ar do Chearta’ le chéile. Cuireann an tSeirbhís seo seirbhís saor in aisce agus faoi rún ar fáil don phobal. Guthán: 0761075431 Seoladh: Ionad Seirbhisí Pobal An Clocháin Liath.

Tá faisnéis le fáil, freisin, ar líne ag citizensinformation.ie agus ón tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh, 0761 07 4000.

 

 

27.8.13

Know Your Rights A: Appealing your Leaving Certificate results

August 2013

Question

Can I get a Leaving Certificate exam paper re-checked if I think that it has been marked wrongly?

Answer

Yes, if you are not satisfied with the marks in one or more of your Leaving Certificate exams, you can appeal them to the State Examinations Commission. Before you make the decision to appeal a result, you may view your exam paper and then make your decision. The State Examinations Commission will send your school personalized application forms for you to view your exam papers and to appeal your results. (For external candidates, these forms are enclosed with your examination results.)

Viewing: If you decide you would like to view a particular paper, you mark the form accordingly. There is no charge for viewing your papers. You must return the completed form to your school by 20 August 2013. The Organizing Superintendent appointed by the State Examinations Commission will assign you to one of the viewing sessions. These will take place on 30 and 31 August 2013 in your school or examination centre.

Appealing: If you decide to appeal your results, you indicate the subjects you wish to appeal on the appeal application form and you pay the appeal fee. Your application to appeal your 2013 results must be received by 4 September 2013.

Your paper will be re-marked by an appeal examiner, who will be different from the examiner who originally marked your work. The same marking scheme is used for re-marking. Your result may be upgraded, left the same or downgraded as a result of an appeal. There is further information about the appeal process on the website of the State Examinations Commission, examinations.ie.

If you are not happy with the outcome of your appeal, you may request a review by the Independent Appeals Scrutineers. Application forms for an appeal review are provided with your appeal results.

Further information is available from the Citizens Information Centre below.

Know Your Rights has been compiled by Dungloe Citizens Information Service which provides a free and confidential service to the public. Tel: 0761075431 Address: Dungloe Public Services Centre, Dungloe.
Information is also available online at citizensinformation.ie and from the Citizens Information Phone Service, 0761 07 4000.


Bíodh Eolas agat ar do Chearta A: Do thorthaí Ardteistiméireachta a achomharc


Lúnasa 2013

Ceist

An féidir scrúdú Ardteistiméireachta a athsheiceáil má shílim nár marcáladh an scrúdú i gceart?

Freagra

Is féidir. Mura bhfuil tú sásta leis na marcanna i scrúdú Ardteistiméireachta amháin nó níos mó, féadfaidh tú iad a achomharc le Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Sula ndéanann tú an cinneadh chun toradh a achomharc, féadfaidh tú féachaint ar do pháipéar scrúdaithe agus do chinneadh a dhéanamh ansin. Seolfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit foirmeacha pearsantaithe iarratais chuig do scoil ar féidir leat iad a chomhlánú chun do pháipéir scrúdaithe a fheiceáil agus chun do thorthaí a achomharc. (I gcás iarrthóirí seachtracha, cuirtear na foirmeacha seo faoi iamh le do thorthaí scrúdaithe.)

Féachaint ar pháipéir scrúdaithe: Má dhéanann tú an cinneadh gur mhaith le féachaint ar pháipéar ar leith, déanann tú an fhoirm a mharcáil agus amhlaidh a chur in iúl agat. Ní ghearrtar aon táille ort chun féachaint ar do pháipéir scrúdaithe. Ní mór duit an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig do scoil faoin 20 Lúnasa 2013. Sannfaidh an Maoirseoir Eagraithe a cheap Coimisiún na Scrúduithe Stáit tú do cheann de na seisiúin fhéachana. Beidh na seisiúin seo ar siúl an 30 agus an 31 Lúnasa 2013 i do scoil nó ionad scrúdaithe.

Achomharc: Má dhéanann tú an cinneadh do thorthaí a achomharc, cuireann tú in iúl na hábhair ar mian leat a achomharc ar an bhfoirm iarratais achomhairc agus íocann tú an táille achomhairc. Ní mór go bhfaighfear d’iarratas chun do thorthaí 2013 faoin 4 Meán Fómhair 2013.

Déanfaidh scrúdaitheoir achomhairc do pháipéar a athmharcáil. Ní hionann an duine seo agus an scrúdaitheoir a mharcáil do chuid oibre an chéad uair. Úsáidtear an scéim chéanna mharcála le haghaidh athmharcála. D’fhéadfaí do thoradh a uasghrádú, a fhágáil mar an gcéanna nó a íosghrádú mar thoradh ar achomharc. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil faoin bpróiseas achomhairc ar láithreán ghréasáin Choimisiún na Scrúduithe Stáit, examinations.ie.

Mura bhfuil tú sásta le toradh d’achomhairc, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú ag na Scrúdanóirí Neamhspleácha Achomhairc. Cuirtear foirmeacha iarratais ar athbhreithniú achomhairc ar fáil le torthaí d’achomhairc.

Tá tuilleadh eolais le fáil ón Ionad Faisnéise do Shaoránaigh thíos.

Chuir Ionad Faisnéise do Shaoránaigh An Clochan Liath ‘Bíodh Eolas agat ar do Chearta’ le chéile.  Cuireann an tIonad seo seirbhís shaor in aisce agus faoi rún ar fáil don phobal. Teil: 0761075431 Seoladh: Ionad Seirbhisí Pobal An Clocháin Líath
Tá faisnéis le fáil freisin ar líne ag citizensinformation.ie agus ón tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh, 0761 07 4000.


 



9.8.13

Rent Supplement reviews - Athbhreithniú ar Fhorlíonadh Cíosa


Know Your Rights: Rent Supplement reviews
 Question
I have been getting Rent Supplement for nearly a year. I have been told that my Rent Supplement is being reviewed. What does this mean? Will I lose my Rent Supplement?
Answer
Your claim for Rent Supplement is reviewed regularly, usually every six months. During the review you will be asked to complete a Rent Supplement Review Form (your landlord will have to fill out part of this form). You should return this to the Department of Social Protection (DSP) officer dealing with your claim. The officer will examine the form to make sure that you are receiving the right amount of Rent Supplement. The maximum rent limits for Rent Supplement are reviewed regularly and the latest limits are effective from 17 June 2013. In some cases the officer dealing with your claim may visit your accommodation to confirm the tenancy and the type of accommodation. You should return the form as soon as possible to the officer to ensure there is no delay to your payment.

If your circumstances have not changed since you started getting Rent Supplement you should continue to get your payment. If your circumstances change while you are getting Rent Supplement (for example, if you get extra work or the number of people living in the household changes) you should contact the DSP officer dealing with your claim immediately. You should not wait until your review as this may mean that you are overpaid Rent Supplement which you will have to repay.

If you refuse two offers of social housing from a local authority within a 12-month period, your Rent Supplement will be stopped and you will not be allowed to claim Rent Supplement for 12 months.   

Further information is available from Citizens Information Centres and from the Citizens Information Phone Service, call 0761 07 4000.

 
 Athbhreithniú ar Fhorlíonadh Cíosa
Ceist
Bhí Forlíonadh Cíosa á fháil agam ar feadh beagnach bliain. Dúradh liom go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar m’Fhorlíonadh Cíosa. Céard a chiallaíonn seo? An gcaillfidh mé m’Fhorlíonadh Cíosa?
Freagra
Déantar athbhreithniú rialta ar d’éileamh ar Fhorlíonadh Cíosa, de ghnáth gach sé mhí. Le linn an athbhreithnithe, iarrfar ort Foirm Athbhreithnithe ar Fhorlíonadh Cíosa a chomhlíonadh (beidh ar do thiarna talún cuid den fhoirm seo a chomhlánú). Ba cheart duit seo a sheoladh ar ais chuig an oifigeach den Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) atá ag déileáil le d’éileamh. Scrúdóidh an t-oifigeach an fhoirm lena chinntiú go bhfuil an méid ceart den Fhorlíonadh Cíosa á fháil agat. Déantar athbhreithniú rialta ar na huasteorainneacha don Fhorlíonadh Cíosa agus tá éifeacht leis na teorainneacha is déanaí ón 17 Meitheamh 2013. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh an t-oifigeach a dhéileálann le d’éileamh cuairt a thabhairt ar do chóiríocht leis an tionóntacht agus leis an saghas cóiríochta a dheimhniú.  Ba cheart duit an fhoirm a sheoladh ar ais a luaithe is féidir chuig an oifigeach lena chinntiú nach mbíonn aon mhoill ar d’íocaíocht.

Murar tháinig athrú ar do chuid cúinsí ó thosaigh tú leis an bhForlíonadh Cíosa a fháil, ba cheart go leanfaidh tú le d’íocaíocht a fháil. Má tháinig athrú ar do chúinsí fad atá Forlíonadh Cíosa á fháil agat (mar shampla, má fhaigheann tú breis oibre nó má thagann athrú ar an líon daoine atá ina gcónaí sa teaghlach) ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach RCS a dhéileálann le d’éileamh láithreach. Níor cheart duit fanacht go dtí go bhfuil an t-athbhreithniú á dhéanamh mar gheall go bhféadfadh go ndearnadh Forlíonadh Cíosa a ró-íoc leat, agus bheadh ort seo a aisíoc.

Má dhiúltaíonn tú dhá thairiscint de thithíocht shóisialta ó údarás áitiúil laistigh de thréimhse 12 mhí, cuirfear stop le d’Fhorlíonadh Cíosa agus ní cheadófar duit Forlíonadh Cíosa a éileamh ar feadh 12 mhí.  

 

24.7.13

Know Your Rights : Compensation for cancelled flight

July  2013

Question

I booked a flight from Dublin to attend my niece’s wedding in France. When I arrived at the airport, I was told the flight was cancelled and the next available flight meant I would miss the wedding. Am I entitled to a refund for the cost of the flight?

Answer

Air passengers have specific consumer rights under European law when they are denied boarding against their will or their flight is cancelled or delayed

As your flight was cancelled, you are entitled to a choice of:

·         A refund of the cost of your ticket within 7 days or
·         Re-routing to your final destination at the earliest opportunity or
·         Re-routing at a later date at your convenience, subject to availability of seat

In your case, as you missed your niece’s wedding, you should be given a refund of the cost of your ticket.

You may also be entitled to compensation because you received less than 7 days’ notice of the cancellation and you were not offered an alternative flight departing no more than 1 hour before your original departure time and arriving at your final destination less than 2 hours after your original scheduled time of arrival.

However, if the airline can prove that the cancellation was caused by an extraordinary circumstance which could not have been avoided, even if all reasonable measures had been taken, no compensation is payable. Examples of extraordinary circumstances may include weather conditions, air traffic control restrictions, security risks and industrial disputes that affect the operation of the flight.

If you have a complaint about the assistance and compensation you have received for your cancelled flight, you must first contact your airline directly. If you are still not satisfied you should contact the Commission for Aviation Regulation, either online at aviationreg.ie or by phoning (01) 661 1700.

Further information is available from the Citizens Information Centre below.

Know Your Rights has been compiled by Dungloe Citizens Information Service which provides a free and confidential service to the public.   Tel: 0761075430 Address: Dungloe Public Services Centre.
Information is also available online at citizensinformation.ie and from the Citizens Information Phone Service, 0761 07 4000.

Bíodh Eolas agat ar do Chearta: Cúiteamh ar eitilt a cuireadh ar ceal


Iúil 2013

Ceist

Chuir mé eitilt in áirithe ó Bhaile Átha Cliath chun freastal ar bhainis mo neachta sa Fhrainc. Nuair a bhain mé an t-aerfort amach, dúradh liom gur cuireadh an eitilt ar ceal agus nach mbeinn in ann freastal ar an mbainis dá nglacfainn an chéad eitilt eile a bhí ar fáil. An bhfuilim i dteideal aisíocaíocht a fháil ar chostas na heitilte?

Freagra

Tá cearta sonracha tomhaltóra ag aerphaisinéirí faoi dhlí na hEorpa nuair a dhiúltaítear bordáil dóibh i gcoinne a dtola nó nuair a chuirtear a n-eitilt ar ceal nó nuair a chuirtear moill ar a n-eitilt.

Mar gheall gur cuireadh d’eitilt ar ceal, tá an rogha seo a leanas mar theidlíocht agat:

·         Aisíocaíocht chostas do thicéid laistigh de 7 lá, nó
·         Bealach eile a aimsiú chuig do cheann scríbe ag an tráth is luaithe, nó
·         Bealach eile a aimsiú ag tráth níos déanaí a oireann duit, faoi réir fáil bheith ar shuíochán

I do chás féin, mar gheall nár éirigh leat freastal ar bhainis do neachta, ba cheart gur tugadh aisíocaíocht chostas do thicéid duit.

Ina theannta sin, d’fhéadfá bheith i dteideal cúiteamh a fháil mar gheall gur tugadh níos lú ná fógra 7 lá duit ar an gcur ar ceal agus nach ndearnadh eitilt eile a thairiscint duit a fhágann tráth nach mó ná 1 uair an chloig roimh am imeachta na chéad eitilte agus a bhaineann do cheann scríbe amach tráth nach lú ná 2 uair an chloig i ndiaidh am sceidealaithe teachta na chéad eitilte.

Ar a shon sin, más féidir leis an aerlíne a chruthú go raibh cúinsí neamhghnácha mar thoradh ar an gcur ar ceal, nach bhféadfaí a sheachaint, ní gá dóibh aon chúiteamh a íoc, fiú má glacadh gach beart réasúnta. I measc na samplaí de chúinsí neamhghnácha, tá an aimsir, srianta rialú aerthráchta, rioscaí slándála agus agóidí tionsclaíocha a mbíonn tionchar acu ar oibriú na heitilte.

Má tá gearán agat faoin gcabhair agus faoin gcúiteamh a fuair tú maidir le d’eitilt a cuireadh ar ceal, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le d’aerlíne go díreach. Mura bhfuil tú sásta, ina dhiaidh sin, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Rialáil Eitlíochta, cibé acu ar líne ag aviationreg.ie nó trí ghlao a chur ar (01) 661 1700.

Tá tuilleadh eolais le fáil ón Ionad Faisnéise do Shaoránaigh thíos.

Chuir Ionad Faisnéise do Shaoránaigh An Clocháin Liath ‘Bíodh Eolas agat ar do Chearta’ le chéile.  Cuireann an tIonad seo seirbhís shaor in aisce agus faoi rún ar fáil don phobal. Teil: 0761075430 Seoladh: Ionad Seirbhisí Pobal An Clocháin Liath.
Tá faisnéis le fáil freisin ar líne ag citizensinformation.ie agus ón tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh, 0761 07 4000.




23.5.13

Pension Rights - Cearta Pinsin


Bíodh Eolas agat ar do Chearta : Cearta pinsin


May  2013

Ceist
Saoránach Éireannach mé a d’oibrigh i Sasana ar feadh roinnt blianta agus a d’íoc ranníocaíochtaí árachais shóisialta thall ansin.  Thart ar 20 bliain ó shin, d’fhill mé ar Éirinn chun oibriú agus tá aois an phinsin ag druidim liom anois. Cén teidlíocht atá agam maidir le mo chuid ranníocaíochtaí pinsin le linn na mblianta a bhí mé fostaithe i Sasana?
Freagra
Nuair a bhíonn iarratas á dhéanamh agat ar do Phinsin Stáit (Ranníocach), tá mír ann ar an bhfoirm (SPC 1) a iarrfaidh ort do shonraí a thabhairt i dtaca le fostaíocht i dtír eile atá cuimsithe ag Rialacháin CE nó ag comhaontú Déthaobhach Slándála Sóisialaí.

 Iarrtar ar na sonraí seo mar gheall go bhféadfá bheith i dteideal breis agus íocaíocht amháin a fháil; féadfaidh tú a fháil íocaíocht Éireannach agus íocaíocht ó thír eile inar oibrigh tú.
Má tá dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialta Éireannacha agat chun íocaíocht Éireannach a fháil, íocfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí í. Mar gheall gur oibrigh tú i Sasana, rachaidh siad i dteagmháil leis na húdaráis chuí sa RA chun tús a chur ar éileamh ar phinsean na RA. B’fhéidir go bhfuil tú i dteideal pinsean páirteach na RA a fháil sa mhullach ar do phinsean Éireannach, má tá dóthain ranníocaíochtaí na RA agat.
Mura bhfuil dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialta in Éirinn agat, iarrfaidh an Roinn ar do thaifead árachais shóisialta ón RA chun cabhrú leat cáiliú d’íocaíocht árachais shóisialta Éireannach agus cuirfidh siad tús, ar do shon, le héileamh sa RA.
Má mian leat cóip a fháil de do chuid ranníocaíochtaí árachais shóisialta, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Taifid ÁSPC, an Roinn Coimirce Sóisialaí, Bóthair Mhic Artúir,  Bun Cranncha, Contae Dhún na nGall, (Guthán: (01) 471 5898 nó Íosghlao: 1890 690 690).

Baineann an socrú seo do phinsin ranníocacha agus d’íocaíochtaí eile le gach tír den AE. Baineann sé le tíortha LEE chomh maith (an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin), leis an Eilvéis agus le tíortha áirithe eile ag a bhfuil Comhaontú Déthaobhach Slándála Sóisialaí le hÉirinn, ar nós Stáit Aontaithe Mheiriceá, Cheanada, na hAstráile agus na Nua-Shéalainne.

 á tuilleadh eolais le fáil ón Ionad Faisnéise do Shaoránaigh thíos.

Chuir Ionad Faisnéise do Shaoránaigh An Clocháin Liath ‘Bíodh Eolas agat ar do Chearta’ le chéile.  Cuireann an tIonad seo seirbhís shaor in aisce agus faoi rún ar fáil don phobal. Teil: 0761075430 Seoladh: Ionad Seirbhísí Pobal An Clocháin Liath
Tá faisnéis le fáil freisin ar líne ag citizensinformation.ie agus ón tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh, 0761 07 4000.


Know Your Rights : Pension rights


May 2013

Question


I am an Irish citizen who worked in England for several years and paid social insurance contributions there.  About 20 years ago I returned to Ireland to work and am now approaching pension age. What is my entitlement with regards to my pension contributions during my years of employment in England?
Answer
When you are applying for your State Pension (Contributory) there is a section on the application form (SPC 1) that will ask you for details of employment in any other country covered by EC Regulations or a Bilateral Social Security agreement.

 This is because you may be entitled to more than one payment; you can get an Irish payment and a payment from another country where you worked.

If you have enough Irish social insurance contributions to get an Irish payment, the Department of Social Protection will pay it. Because you worked in England, they will also contact the relevant authorities in the UK to start a claim for a UK pension. You may be due a partial UK pension in addition to your Irish pension, if you have enough UK contributions.

If you do not have enough social insurance contributions in Ireland, the Department will request your social insurance record from the UK to help you qualify for an Irish social insurance payment and will also initiate, on your behalf, a claim in the UK.

If you want a copy of your Irish insurance contributions you can contact PRSI Records, Department of Social Protection, McCarter's Road, Ardaravan, Buncrana, Co Donegal (Tel: (01) 471 5898 or Lo-call: 1890 690 690).

This arrangement for contributory pensions and certain other payments applies to all EU countries. It also applies to EEA countries (Norway, Iceland and Liechtenstein), Switzerland and certain other countries with which Ireland has a Bilateral Social Security Agreement, such as the United States, Canada, Australia and New Zealand.

Further information is available from the Citizens Information Centre below.

Know Your Rights has been compiled by Dungloe Citizens Information Service which provides a free and confidential service to the public. Tel: 0761075430 Address: Dungloe Public Services Centre

Information is also available online at citizensinformation.ie and from the Citizens Information Phone Service, 0761 07 4000.