Feidhmíonn Comharchumann Árainn Mhór mar eagrais forbartha pobal a sholáthraíonn aiseanna pobal, seirbhísí trádála, seirbhísí riaracháin agus tacaíochta do phobal Árainn Mhór. Tá sé mar aidhm ag an chomharchumann, trínár gcuid gníomhaíochtaí, acmhainní timpeallachta, turasóireachta, chultúrtha agus oidhreachta an oileáin a fheabhsú agus a fhorbairt, ar mhaithe le saol eacnamaíochta, cultúrtha agus sóisialta pobal an oileáin a fheabhsú. Bainisteoir: Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh.
29.10.10
CONGRATULATIONS - COMHGHAIRDEAS
Comhghairdeas do Darren Ó Domhnaill a ghlac páirt sna comórtais cáilithe d’Oireachtas Rince na Cruinne. Beidh Darren ag glacadh páirt in Oireachtas Rince na Cruinne i mBaile Átha Cliath le linn na Cásca 2011.
Congratulations and well done to Darren Ó Domhnaill who took part in the World Qualifying Dance Championships. Darren has qualified to dance in the World Championship Competitions in Dublin during Easter 2011.
28.10.10
Cúrsaí Gaeilge TEG - TEG Gaeilge Course
The Irish language course (TEG) will begin on Wednesday, 3 November @ 7:00pm in an Chultúrlann.
Course Fee: €40. Registration & Further information: Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh
27.10.10
Focal Buíochas - A Word of Thanks, Cumann Dramaíochta Árainn Mhór - Árainn Mhór Drama Group
Buíochas mór ó chroí do Chumann Dramaíochta Árainn Mhór a chur €225.00 ar fáil ar na mallaibh do chiste na Páirce Uile-Aimsire. Go raibh céad maith agaibh uilig!
Sincere thank-you to Árainn Mhór Drama Group who recently donated €225.00 to the All-Weather Pitch Project. Thank you all very much!
Cake Sale - Díol Cístí - 31 October - Day Centre - In Aid of All-Weather Pitch
CAKE SALE
In Aid Of
All-WEATHER PITCH
The Day Centre
After 11:00am Mass
Sunday
31 October 2010
DÍOLACHÁN CÍSTÍ & EARRAÍ BÁCALA
i gcomhair na
Páirce Uile Aimsire
SAN IONAD LAE
TAR ÉIS AIFRINN 11:00
Dé Domhnaigh
31 Deireadh Fómhair
Cruinniú Eolais - Information Session - Comhar na nOileán
Treoir ar fhéin fhostaíocht agus bunú d’fhiontar féin/A Guide to Self-Employment and Starting your own Business
Áit/Venue: An Chultúrlann, Árainn Mhór
Am/Time: 8p.m. – 10.30p.m.
27ú Deireadh Fómhair
Is é Comhar na nOileán Teo, an Comhlacht Comhtháite Forbartha Áitiúil d’Oileáin na hÉireann. Tá freagracht ar maidir leis na cláracha LEADER/RSS agus cláracha eile.
Ba mhaith le Comhar na nOileán Teo, cuireadh a thabhairt do dhaoine theacht amach ag cur i láthair maidir le féin-fhostaíocht agus bunú d’fhiontar féin a bheas ar siúl sa Chultúrlann ar an tráthnóna 27ú Deireadh Fómhair.
Díreofar ar fhéin-fhostaíocht mar rogha agus go h-áirithe ar an gClár Leader Forbartha Tuaithe atá dhá sheachadadh ag Comhar na nOileán. Má tá tú ag smaoineamh ar chur isteach ar mhaoiniú chun togra go do chuid féin a fhorbairt, tá sé rí-thábhachtach go bhfreastalódh tú ar an gcruinniú seo chun eascaíocht a dhéanamh duit féin. Beidh deis agat freisin do thogra a phlé le ball den bhfoireann.
Comhar na nOileán Teo, is the Integrated Local Development Company for the inhabited offshore islands of Ireland. It has responsibility for LEADER/R.S.S. and other programmes
Comhar na nOileán would like to invite participants to attend a short presentation
on
Self-Employment and Starting your own Business
that will take place in An Chultúrlann @ 8:00pm on
the evening of Tuesday the 27th October
The course will focus on Self-Employment as an option and in particular on the Leader Rural Development Programme funding which is administered for the Irish Islands through Comhar na nOileán. If you are comtemplating applying for funding with a view to developing an Enterprise, this course is absolutely essential as it will prepare the ground for the smooth development of your project. The course will be delivered by a staff member of Comhar na nOileán, who is working with the Leader Programme on a daily basis.
Clúdófar na gnéithe seo leanas/The topics which will be covered during the course are as follows:
• Cén cineál fiontar/togra ar féidir liom a thosnú/What kind of Business can I start - LEADER Measures & Sub-Measures
• Féin fhostaíoct – Riachtanaisí dlíthiúla/Becoming Self-Employed – Legal Obligations
• Ag réiteach Plean Gnó/Preparing a Business Plan
• Taighde Margaíochta/Basic Market Research
• Ag clárú do Ghnó/Registering your Business
• Stádas Dlíthiúil & Struchtúr do ghnó/Legal Status & Structure of the Business
• Leabhar Choiméad/Keeping Records & Book-Keeping
• Cáin Ioncam/Income Tax
• Ag fáil cárta C2/Obtaining a C2 Sub-contractors Card
• Scéim Filleadh ar obair liúntas Fiontair/The Back to Work Enterprise Allowance
• Árachás/Need for Insurance
• Iarrataisí Maoinithe LEADER/Making an Application For LEADER Grant-Aid from Comhar na nOileán
Má tá suim agat anseo fág t-ainm le Comharchumann Árainn Mhór, nó tar amach ar an oíche
To register your interest in attending the course please leave your name with Comharchumann Árainn Mhór or alternatively contact Máire Uí Mhaoláin, Comhar na nOileán on 087 6293003 or simply turn up on the night.
26.10.10
Quiz-Tráth na gCeist - ALL WEATHER PITCH-€305 collected
Buíochas do gach duine a bhí i láthair agus a ghlac páirt i dTráth na gCeist tigh Neily ar an Aoine 22 Deireah Fómhair;
Buíochas mór;
do Neily & an comharchumann ar son duaiseanna an raifil;
do Neily ar son duaiseanna na mbuaiteoir;
do Phroinsias Ó Coisdeabhla a d’ullmhaigh na ceisteanna uilig & a rinne obair ar dóigh ar an oíche;
do Aingeal Mhic Amhlaidh a dhíol na ticéid le haghaidh an raifil.
Mar thoradh ar an oíche, tá €305 bailithe do chiste na Páirce Uile Aimsire.
Go raibh maith agaibh uilig!
Subscribe to:
Posts (Atom)




