23.10.09

Teastas Eorpach na Gaeilge



Beidh scrúdú Theastas Eorpach na Gaeilge C1 (Ardleibhéal 1) ar siúl in Ollscoil na hÉireann Má Nuad ar an 4 & 5 Nollaig 2009.
Is an spriocdháta d’iarratais ná an 6 Samhain 2009.
Páipéar samplach: http://www.teg.ie/gaeilge/paipeir_shamplacha.htm
Eolas faoin scrúdú: http://www.teg.ie/gaeilge/bealtriail.htm

Teastas Eorpach na Gaeilge C1 (Advanced 1) examination will take place in NUI Maynooth on the 4 & 5 December 2009.
Closing date for applications is the 6 November 2009.
Sample exam paper:
http://www.teg.ie/gaeilge/paipeir_shamplacha.htm
Oral examination information:
http://www.teg.ie/gaeilge/bealtriail.htm

21.10.09

Public Holidays 2010 - Saoire Poiblí 2010

Beidh an comharchumann druidte ar na dátai a leanas:
An comharchumann will be closed on the following dates:

Dé hAoine 1ú Eanáir – Friday 1st January

Dé Céadaoin 17ú Márta- Wednesday 17th March

Dé Luain 5ú Aibreán – Monday 5th April

Dé Luain 3ú Bealtaine – Monday 3rd May

Dé Luain 7ú Meitheamh – Monday 7th June

Dé Luain 2ú Lúnasa – Monday 2nd August

Dé Luain 25ú D. Fómhair – Monday 25th October

Lá Nollag – Christmas Day
Dé Sathairn 25 Nollaig – Saturday 25 December
(comharchumann druidte ar an 27 Nollaig)

Lá Fhéile Stiofán – St Stephen’s Day
Dé Domhnaigh 26 Nollaig – Sunday 26 December
(comharchumann druidte ar an 28 Nollaig)

Guth na Gaeltachta



Beidh an chead cruinniú eile de Ghuth na Gaeltachta

sa Chrannóg, Srath na Corcra ar an Luan, 26 Deireadh Fómhair ag 8 a chlog.

19.10.09

Ranganna Ríomhaireachta – Computer Classes

Tá an comharchumann ag lorg léirithe suime ó dhaoine ar mhian leo dul i mbun cúrsaí ríomhaireachta. Beidh soláthar na gcúrsaí ag bráth ar líon na n-iarrthóir/éileamh an phobail. Leiriú suime/tuilleadh eolais: déan teagmháil leis an chomharchumann. 074 9520533

An comharchumann is seeking expressions of interest from individuals who wish to undertake computer classes. Delivery of classes will depend on number of participants/community requirements. To register your interest or for further information: contact an comharchumann.
074 9520533

Saoire Poiblí na Samhna –Halloween Bank Holiday

Beidh oifigí & stór trádála an chomharchumainn druidte ar an Luan, 26 Deireadh Fómhair 2009.

An Comharchumann offices & store will be closed on Bank Holiday Monday, 26 October, 2009.

2.10.09

Phase II - Pollawaddy Slipway

Eamon O’Cúiv TD, Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs has approved a grant of €20,000 towards Phase II of the works at Pollawaddy Slipway, Arranmore.

Phase I of the works was completed in 2008 with the aid of grants costing
€40,000 funded equally by Roinn na Gaeltachta and Donegal County
Council.

Phase II will include the completion of slipway repairs and the
provision of carpark facilities at a cost of €40,000 funded equally
(€20,000) by Donegal County Council and Roinn na Gaeltachta.

This will bring the total investment to €80,000.

It is hoped that the works which will be carried out by Donegal County Council, will commence in late October.

1.10.09

Cearta Sibhialta na Gaeltachta

Tá sraith nua tosaithe ar Raidió na Gaeltachta dírithe ar fheachtas Chearta Sibhialta na Gaeltachta, feachtas ar cuireadh tús leis ceathracha bliain ó shin i Seanscoil an Chnoic, Indreabhán.

Pobal ar Aire: Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta 1969–2009 an teideal atá ar an tsraith nua agus a chraolfar gach Domhnach ag 1.15i.n. Cloisfear agallaimh leo siúd a bhí gníomhach sa ghluaiseacht - faoi na haidhmeanna a bhí acu, faoin méid a bhain siad amach, agus faoi céard atá i ndán don Ghaeltacht anois ag am seo na cinniúna. Ba thréimhse chorraitheach a bhí sna 1960í i gcúrsaí cearta sibhialta ar fud an domhain, agus d’éiligh muintir na Gaeltachta a gcearta féin chomh maith.

Bhí ceantar Chonamara beo bocht, gan infreastruchtúr ceart ná deiseanna fostaíochta, agus dá bharr bhí an ceantar céasta ag an imirce. Ar na haidhmeanna a bhí ag an ngluaiseacht bhí údarás áitiúil pleanála agus forbartha, plean cuimsitheach oideachais agus stáisiún raidió, agus is dá bharr gur cuireadh Raidió na Gaeltachta ar bun i 1972. Dár leis an léiritheoir, Tomás Mac Con Iomaire “Tá tábhacht nach beag ag baint le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i saol na Gaeltachta agus na Gaeilge. Rinne an Ghluaiseacht éilimh a raibh tábhacht leo, fostaíocht ag baile, bunú Údarás Gaeltachta agus Raidió Gaeltachta ina measc. D’éirigh leis an ngluaiseacht i bhformhór a gcuid éilimh agus ní bréag a rá go bhfuil lorg obair na Gluaiseachta agus obair na ndaoine a bhí páirteach ann le feiceáil go soiléir ar an saol, i nGaeltacht Chonamara go háirithe, go dtí an lá atá inniu ann.”

Galway Advertiser - Peadar Mac Fhlannchadha
01 Deireadh Fómhair 2009